Nach bhfuil sé deacair a chreidiúint go bhfuil bliain eile beagnach thart againn agus críochnóidh an seasúr Dé Domhnaigh. Cuma ar an scéal i lár an gheimhridh, agus tú amuigh ag traenáil, nach dtiocfaidh an craobh ar chor ar bith ach ag macnamh siar bliain i ndiaidh bhliain, bíonn sé taobh thiar dínn ró-luath. Seasann cúpla cluiche spleodracha amach i m’aigne a thug spreagadh don chraobh. Tír Eoghain agus Dún nan Gall sa chluiche ceannais Uladh, feachtas inspiorádach ag Tiobráid Árann agus bua stairiúil i gcoinne na Gaillimhe agus cé a dhéanfadh dearmad ar an gcluiche leathceannais cúpla seachtain ó shin idir Ciarraí agus Áth Cliath. Buíochas le Dia go bhfuil an lá cinniúnach sroichte, an t-aitmaisfear ag meadú agus súile lucht féachanna na tíre ar chipín. Ní mór dúinn ach gach rud a sú isteach as seo amach.
Deirtear agus cloistear sách minic gur féidir le haon rud titim amach i gcluiche ceannais agus cinnte chonacthas an cruthúnas i gCeann Áras an Chumann Lúthchleas Gael sa chluiche ceannais iománaíochta. Bhí thart ar ceithre scór is dhá mhíle duine i láthair chun seó den chéad scoth a fheiceáil. Thug Tiobráid Árann taispeántas bríomhar agus diongbháilteacht dúinn agus fair plé dóibh. I súile na sluaithe ba iad Cill Chainnigh rogha na coitiantachta an lá sin ach tá sé deacair seans, fiú amháin, caoga caoga a thabhairt do Mhaigh Eo a bheith iomlán macánta. Tá sliabh le dreapadh acu ach b’fhéidir nach bhféadfaimís ag scríobh na bhfógraí bás ach oiread.
Tá go leor le déanamh ach tabharfaidh siad aird ar cúpla rud áirithe i mo thuairim. Ar an gcéad dul síos, ní féidir le Maigh Eo, tús maith a thabhairt do Áth Cliath. Is cuimhin linn go léir na cluichí ceannais Éirinn i 2006 agus 2012 go háirithe. Maigh Eo i gcoinne Ciarraí agus Dún na nGall agus sa dhá chluiche bhí drochthús ag fir an Iarthair. Caithfidh siad an easpa féin mhuinín a fhágáil in a ndiaidh agus tabhairt faoin iarracht. Níl aon dabht ach go bhfuil dúil mór mhillteanach orthu agus déanfaidh siad chuile rud is féidir leo a dhéanamh ar son na cúise. Déarfainn freisin go bhfuil gach duine clóite de bharr an mheoin, gur theipeann orthu sna cluichí is tábhachtaí. Chuala mé freisin i rith na seachtaine go bhfuil an tanc folamh agus nach bhfuil an cíocras acu a thuilleadh ag eascairt as na héilimh agus an díoma a mhothaigh siad le blianta beaga anuas.
Cuirfidh Stephen Rochford iachall ar Keith Higgins agus Lee Keegan cheapfá. Ní mór dóibh, Bernard Brogan agus Diarmuid Connolly a smachtú, má tá aon seans acu. Ón méid atá feicthe againn i mbliana, bíonn Connolly ag spreagadh na dtéad agus Brogan ag aimsiú na scóranna don chuid is mó. Beidh sé fíor-dheacair an bagairt a laghdú ach caithfidh siad an cothromaíocht a bhaint amach gan bheith ag tabhairt an iomarca béim dó. Go leor trácht faoi jab Kevin Mc Laughlin agus a ról mar scuabadóir. Dá mbeinn i gceannas ar na Dubs chuirfinn Ciarán Kilkenny sa line leath cúl agus d’fhéadfadh seisean obair mar nasc idir na cúlaithe agus tosaithe. Is dual athar dó é don tasc sin i mo thuairim.
Braitheann Maigh Eo ar Aidan O’ Shea agus Cillian O’ Connor faoi leith chun na scóranna a aimsiú agus beidh gach scór ana luachmhar. Ba bhreá liom Aidan O’ Shea a fheiceáil i bhfeidhm taobh istigh den líne 45 mar bheadh sé as an imirt i lár na páirce measaim. Is fathach fir é agus gan dabht i measc na tosaithe is contúirtí sa tír nuair a fhaigheann sé spás. Ina theannta sin tá tuiscint ana mhaith idir é féin agus O’Connor agus le chéile tá an-chumas acu agus cruthóidh siad deacrachtaí má thugann Áth Cliath deiseanna dóibh. Dá n-éireodh leo cúl nó dhó a fháil, beidh sé thar a bheith suimiúil ach sé mo thuairim go mbeidh dhá cheann ar a laghad ag teastáil uathu. Chonacthas an tslí a tháinig Áth Cliath ar ais sa chluiche leathceannais, cúig chúilín chun deireadh ach ní dóigh liom go raibh dabht ar bith go dtiocfaidh siad ar ais sa chluiche. Beidh Jim Gavin lán sásta go bhfuair said test dian agus an sméar mhullaigh a chur ar an ullmhúcháin.
De réir chinniúint na ndéithe, ní féidir ach buaitheoir amháin a bheith aginn. Neart le tairscint ag an dá fhoireann. Cumhacht, luas agus scil chun roinnt dóibh a ainmniú. Baineann an bheirt acu an-úsáid as an gcic pass díreach agus tá súil agam go mbeidh cluiche breá oscailte agus taitneamhach againn freisin. Tabharfaidh sé sásamh faoi leith do cách dá n-éireodh le Maigh Eo a luach saothair a fháil sa deireadh thiar thall ach ní féidir liom na firicí agus an t-eolas a sheachaint. Ar dtús, na fir ionad atá ag Áth Cliath. Sách minic bíonn na leads ag teacht isteach níos láidre ná na peileadóirí ag imeacht ón bpáirc. Go leor ráfla ag tús na bliana go mbraithfeadh siad uathu neart Rory O’ Carroll ar imeall na cearnóige agus Jack Mc Caffrey ar an gcliathán. Is beag an difríocht i mo thuairim agus bhí an fhoireann chomh láidir i mbliana cé go rabhadar in easnamh. Anuas ar sin tá tactaicí daingne ag Jim Gavin maidir leis an bpeil agus chuirfinn é i measc na mbainisteoirí is cliste sa tír. Ní fhagann aon rud sa seans faoin a stiúir. Beidh plean acu ar na bacáin. Is cuma leo cad a tharlaíonn, leanfar an plean agus is annamh nach n-obraíonn sé faoi dheireadh.
1 comment